Written answers

Tuesday, 18 November 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Coláistí Samhraidh Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 106: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé gur buille tubaisteach a bheadh ann do gheilleagar na Gaeltachta dá mbeadh ar na coláistí samhraidh deireadh a chur le cúrsaí mar thoradh ar chealú na ndeontas múinteoireachta sna coláistí samhraidh sa Cháinaisnéis is déanaí, i bhfianaise na bhfigiúirí a deir gur thug nach mór 28,000 scoláire aghaidh ar an nGaeltacht i gcaitheamh na bliana 2008 le freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeilge; cén sciar den €10.5 milliún don chiste do Scéimeanna Cultúir agus Sóisialta sa Ghaeltacht atá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tairiscint do na coláistí samhraidh atá ag fulaingt faoin gciorrú seo agus táillí na gcúrsaí don bhliain 2009 socraithe acu cheana féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40883/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, is ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta a íocadh na deontais teagaisc do na Coláistí Samhraidh Gaeilge agus níl aon fhreagracht ormsa mar Aire ina dtaobh.

Chomh fada agus a bhaineann sé le mo Roinn féin de, faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge — ceann de Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta mo Roinne atá luaite ag an Teachta sa Cheist — íoctar deontas laethúil le teaghlaigh aitheanta sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas. Tá beagnach €5.5m íoctha le mná tí Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge go dáta i mbliana. Níl i gceist aon athrú a chur ar an deontas an bhliain seo chugainn.

Ní miste dom a rá, áfach, go bhfuil beocht ar leith le hearnáil na gcoláistí Gaeilge le blianta beaga anuas, le breis agus 26,600 dalta ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht i 2008 go dáta. Bheinn an-dóchasach go mbeidh ar chumas na gcoláistí deimhin a dhéanamh de, le tacaíocht leanúnach mo Roinne, go leanfaidh an scéal amhlaidh sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.