Written answers

Tuesday, 18 November 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Tom SheahanTom Sheahan (Kerry South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 94: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ainmneoidh sé na heagraíochtaí Gaeilge a gcreideann sé gur chóir dóibh a bheith cónasctha; cén fáth go gcreideann sé gur chóir dóibh a bheith cónasctha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40879/08]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 123: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil maoiniú á cháilliúint sa bhliain 2009 ag aon cheann de na 19 n-eagras dheonacha Gaeilge a fhaigheann bunmhaoimiú trí Fhoras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40909/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 94 & 123 le chéile.

Is mian liom aird na dTeachtaí a dhíriú ar mo fhreagraí ar Cheisteanna Uimh 145 agus 167 den 7 Deireadh Fómhair 2008.

Mar atá curtha in iúl don Teach, cuirtear bunmhaoiniú do 19 n-eagras deonach Gaeilge ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Is trí Vóta mo Roinne féin agus tríd an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil don bhForas d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.

Tuigim ón bhForas go bhfuil athbhreithniú ar bun aige maidir leis na heagrais Gaeilge atá á maoiniú i láthair na huaire le cinntiú go mbeidh an luach airgid is fearr le fáil sa todhchaí. Tá sé ró-luath ag an bpointe seo réamhaithris a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag torthaí an athbhreithnithe sin ar chúrsaí maoinithe na n-eagras i 2009 nó ar chúrsaí cónasctha amach anseo.

Mar a dúirt mé freisin, tá éifeacht an chaiteachais phoiblí agus luach airgid maidir le spriocanna an Rialtais, ó thaobh na Gaeilge a bhaint amach, á gcoinneáil faoi bhreithniú agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.