Written answers

Tuesday, 18 November 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Teangacha Oifigiúla

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 385: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean, ar son chur chun cinn na teanga a chuir Comhaltas Ceoltóirí Éireann faoina bhráid le haghaidh an €3 mhilliún a fuarthas ó Chiste na Gaeilge sa Cháinaisnéis is déanaí; an raibh deis ag eagraíochtaí Gaeilge eile cur isteach ar an maoiniú céanna; cén obair Ghaeilge go díreach a gcaithfear an t-airgead sin uirthi; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40886/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is go príomha ar mhaithe le heagraíochtaí deonacha, coistí pobail agus a leithéidí a chuirtear cúnamh ar fáil ó Chiste na Gaeilge chun a chumasú dóibh an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun a gclár oibre a chur i gcrích. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar cheann de na eagraíochtaí sin a mhaoinítear go bliantúil tríd an Chiste, eagraíocht atá go láidir as son na Gaeilge a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht féin agus tríd na himeachtaí a eagraíonn sí. Is i gcomhthéacs Plean Forbartha Réigiúnach an Chomhaltais atá an t-airgead sonrach a luann an Teachta á chur ar fáil.

Bíonn ar eagraíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste gcoinníollacha áirithe a chomhlíonadh — ina measc, plean gnó agus airgeadais bliantúil agus cuntais iniúchta bhliantúla a chur ar fáil do mo Roinnse. Déantar cinneadh maidir leis an soláthair airgid a chuirtear ar fáil d'aon eagraíocht i gcomhthéacs phlean gnó na heagraíochta don bhliain sin agus do bhlianta dá éis, na héilimh éagsúla a fhaightear, tosaíochtaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na teanga agus go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil faoin gCiste chun freastal ar na héilimh éagsúla sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.