Written answers

Tuesday, 4 November 2008

Department of Education and Science

Forbairt na Gaeilge

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 514: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth go bhfuil sé ag cur le claontacht aicme ag an dara leibhéal oideachais trí dheireadh a chur leis an deontas múinteoirí do na coláistí samhraidh sa bhuiséad is déanaí, rud a chiallaíonn go mbeidh táille bhreise ar na cúrsaí samhraidh anois agus go mbeidh sé níos deacra fós ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a bpáistí a chur chuig an nGaeltacht sa samhradh; conas gur féidir leis an ciorrú seo a chosaint agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á hullmhú ag an rialtas, agus, thairis sin, níos mó béime á chur ar an nGaeilge labhartha ag an dara leibhéal trí chéile ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38265/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuireann mo Roinnse raon bearta ar fáil chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus le foghlaim trí Ghaeilge. Ina measc siúd tá:

Tacaíocht do bhunú Gaelscoileanna;

Forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí ag an leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile tríd an gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile agus tríd an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal, faoina gcuirtear 34 oiliúnóir lánaimseartha ar fáil;

Cláir mhodúlacha do mhúinteoirí tríd an ngréasán lárionad oideachais;

Soláthar téacsanna, ábhar agus acmhainní i nGaeilge trí fhorbairt Shéideán Sí agus obair na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta;

Raon clár ardoideachais trí mheán na Gaeilge.

In ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh. Léiríodh na cinntí seo i measc na bhfógairtí Lá an Bhuiséid agus ina measc bhí cealú an deontais do na coláistí samhraidh Gaeilge. B'é an ráta cúnamh deontais a cuireadh ar fáil in aghaidh gach mic léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine i 2008 ná tuairim is €50, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabh le freastal ar an gcúrsa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.