Written answers

Wednesday, 15 October 2008

Department of Education and Science

Aitheantas Scoile

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 94: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé i gceist sa chinneadh nua a d'fhógair sé maidir le haitheantas a thabhairt do scoileanna úra, gur i gceantair fáis/forbartha amháin a bheidh siad, agus an dtuigeann sé go mbeadh a leithéid de pholasaí ag teacht salach ar an gcleachtas go dtí seo aitheantas a thabhairt do Ghaelscoileanna úra nuair atá an líon cuí daltaí acu, mar chuid de dhualgas an stáit i leith oideachais trí Ghaeilge a bheith ar fáil nuair atá éileamh air. [35173/08]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 95: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na cúnaimh phraiticiúla nó mhaoine atá ar fáil óna Roinn do ghrúpaí, tuistí mar shampla, atá ag ullmhú chun Gaelscoil úr a bhunú. [35174/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaigh mé Ceisteanna 94 agus 95 le chéile.

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé le déanaí athbhreithniú ar na gnásanna do bhunú bunscoileanna úra faoin gCoimisiún um Chóiríochta Scoile. Tá sé i gceist agam Meitheal Oibre Teicniúil a bhunú faoin gCoimisiún chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na critéir agus ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra. Tosóidh an Meitheal Oibre seo ag obair insna seachtainí romhainn agus táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra curtha i gcrích, agus socruithe athbhreithnithe ar bun, laistigh de fráma ama dhá bhliana.

San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna úra ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh iontu ar mhéaduithe i líon na ndaltaí, insna scoileanna mar atá siad, agus ina bhfuil gá le scoileanna úra a sholáthar. Is ionann sin agus a rá nach mbunófar scoileanna úra ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.