Written answers
Tuesday, 7 October 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Leictreonach
9:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 163: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh an foclóir leictreonach Gaeilge-Béarla atá ullmhú ag Foras na Gaeilge ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33509/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
D'fhoilsigh Foras na Gaeilge leagan leictreonach d'Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill i mí na Samhna 2007 ar dhlúthdhiosca. Is é WinGléacht an teideal atá ar an bhfoclóir leictreonach sin agus tuigim go bhfuil sé le ceannach ar €25. Sa chomhthéacs sin, is fiú an suíomh www.focal.ie a lua, tionscadal eile de chuid Fhoras na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Fiontar DCU agus Ollscoil Lampeter sa Bhreatain Bheag. Tá fáil ar bhreis agus 150,000 téarma ar an suíomh seo i láthair na huaire.
No comments