Written answers

Tuesday, 7 October 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 145: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na heagrais Ghaeilge a bheidh á gcur ar ceal nó a chaillfidh deontas in 2009; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33508/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, ba chóir dom a mhíniú go gcuirtear bunmhaoiniú do 19 eagras deonach Gaeilge ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Is trí Vóta mo Roinne féin agus tríd an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil don bhForas d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil athbhreithniú ar bun aige maidir leis na heagrais Gaeilge atá á maoiniú i láthair na huaire le cinntiú go mbeidh an luach airgid is fearr le fáil sa todhchaí. Tá sé ró-luath ag an bpointe seo réamhaithris a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag torthaí an athbhreithnithe seo ar chúrsaí maoinithe na n-eagras i 2009.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.