Written answers
Tuesday, 7 October 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 141: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na céimeanna atá sé chun glacadh chun go mbeidh nuachtán laethúil Gaeilge ar fáil amach anseo tar éis chinneadh Fhoras na Gaeilge le déanaí. [33572/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a mhínigh mé i mo fhreagra ar Cheist Uimhir 14 ar 26 Meitheamh 2008, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do Phreas an Phobail chun an nuachtán laethúil, Lá Nua, a fhoilsiú. Tuigim ón bhForas anois go mairfidh an conradh sin go dtí deireadh Márta 2009 ach, don tréimhse ina dhiaidh sin, tá sé i gceist ag an bhForas díriú isteach ar nuachtán seachtainiúil le seirbhís leictreonach a chur ar fáil.
Mar chúlra, ba chóir dom a mhíniú go ndearna Foras na Gaeilge staidéar ar an margadh agus léiríonn a gcuid figiúirí nach bhfuil margadh ann i láthair na huaire le haghaidh nuachtáin laethúil. Sna cúinsí sin, is é plean an Fhorais ná an pobal léitheoireachta a fhás trí tháirge ar ardchaighdeán a chur ar fáil le tacaíochtaí leictreonacha. Ag eascairt as an bplean sin, táthar ag súil nós na léitheoireachta a chothú ar mhaithe le margadh ceart a chruthú le haghaidh nuachtán laethúil sa todhchaí.
No comments