Written answers

Tuesday, 7 October 2008

Department of Education and Science

School Staffing

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 462: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil múinteoir ar fáil chun na ranganna ar fad a mhúineadh i nGaelscoil (sonraí tugtha) atá lonnaithe i gceantar a nglactar leis mar cheantar faoi mhíbhuntáiste agus atá i gceantar Tascfhórsa Drugaí. [33421/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Socraítear soláthar foirne scoil náisiúnta trí thagairt do rollú na scoile ar 30ú Meán Fómhair na scoilbhliana roimhe sin. Socraítear líon iarbhír na bpost príomhshrutha ceadaithe trí thagairt do sceideal soláthar foirne a eisítear do gach aon bhunscoil gach bliain.

De réir sonraí a chuir Bord Bainistíochta na scoile dá dtagraíonn an Teachta faoi bhráid mo Roinnese, b'é an rollú ar 30ú Meán Fómhair 2007 ná 202 mac léinn. De réir an sceidil foirne (Ciorclán 0010/2008), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinnese ag www.education.ie agus ar eisíodh cóip chrua de chuig gach uile bhunscoil, Príomhoide amháin agus 8 múinteoir ranga phríomhshrutha a bheidh mar fhoireann príomhshrutha na scoile don scoilbhliain 2008/2009.

Laistigh de théarmaí na socruithe foirne do bhunscoileanna tá soláthar déanta chun poist bhreise, ar a dtugtar poist i mbéal forbartha, a shannadh do scoileanna ar bhonn na rolluithe réamh-mheasta don scoilbhliain dar gcionn. De réir na socruithe seo, féadtar post scoile i mbéal forbartha a cheadú go sealadach áit a bhfuil an rollú réamh-mheasta ar 30ú Meán Fómhair na bliana i gceist comhionann le, nó níos mó ná, figiúr sainithe. Mura bhaintear amach an figiúr sainithe faoi 30ú Meán Fómhair, tarraingítear siar an cead don phost. Ar bhonn an mhéaduithe i rollú na scoile, ceadaíodh post i mbéal forbartha don scoil i gceist don scoilbhliain 2008/2009.

Mar is eol don Teachta déanann DEIS, an plean aicsin do chuimsiú oideachasúil, soláthar do chóras caighdeánaithe, chun leibhéil de mhíbhuntáiste a shainaithint, agus do nua-Chlár Tacaíochta Scoile comhtháite. Deireann plean DEIS go leanfar de thacaíocht airgeadais a sholáthar do bhunscoileanna a bhfuil leibhéal dlúth de mhíbhuntáiste iontu chomh maith le soláthar a dhéanamh do bhunscoileanna eile ina bhfuil an leibhéal de mhíbhuntáiste níos scaipthe.

Is é an Lárionad Taighde Oideachais a bhainistigh an próiseas sainaitheanta scoileanna chun páirt a ghlacadh i DEIS thar ceann mo Roinnese, le tacaíocht ó obair deimhnithe cáilíochta a chomhordaigh oifigí réigiúnacha agus Cigireacht na Roinne.

Cuireadh meicníocht athbhreithnithe ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair a ba chúram do scoileanna nár cháiligh do chuimsiú i DEIS ach a raibh leibhéil de mhíbhuntáiste iontu, ina dtuairim féin, go mba leor é chun go gcuimseofaí sa chlár iad. D'oibrigh an próiseas athbhreithnithe faoi stiúir duine neamhspleách, ar a raibh sé de chúram a chinntiú gur leanadh i gceart gach próiseas agus gnás sainaitheanta cuí i gcás scoileanna a bhí ag cur iarratais isteach ar athbhreithniú.

Mar thoradh ar na próisis sainaitheanta agus athbhreithnithe, tugadh cuireadh do 673 bhunscoileanna agus 203 scoileanna dara leibhéal páirt a ghlacadh sa chlár.

Níor sainaithníodh an scoil dá dtagraíonn an Teachta i gcomhair cuimsithe sa chlár ná níor chuir sí iarratas isteach ar athbhreithniú. Beidh an scoil ag fáil tacaíochta airgeadais i gcónaí de réir na leibhéal de mhíbhuntáiste i measc a daltaí i gcaitheamh plean aicsin DEIS.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.