Written answers

Tuesday, 7 October 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Cruthú Fostaíochta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 342: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fostaíocht a chrúthú i nGaeltacht iar-thuaisceart Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33851/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá curtha in iúl don Teachta cheana, tá feachtas láidir leanúnach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh tograí a aimsiú chun breis fostaíochta a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus is amhlaidh atá i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall.

Go ginearálta, i láthair na huaire tá tuairim agus 740 fostaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá meascán níos leithne fostaíochta le feiceáil anois ar an Pháirc Ghnó ná mar a bhíodh agus, le níos mó comhlachtaí beaga dúchasacha ag teacht chun cinn, níltear ag brath an oiread ar na hearnálacha traidisiúnta déantúsaíochta.

Athrú suntasach eile atá le sonrú ná an fhorbairt mhór atá tagtha ar an fhostaíocht sa tionscail bia agus i gcomhlachtaí gaolmhara. Tá cúig chomhlacht ina iomláine san earnáil seo ag cur fostaíochta ar fáil do 49% d'fhostaithe Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i láthair na huaire.

Sa bhliain reatha, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Údaráis chun breis fostaíochta a ghiniúint, tuigim go bhfuil idirbheartaíocht curtha nó á cur i gcrích le roinnt comhlachtaí sonracha a d'fhéadfadh suas le 300 post breise a chur ar fáil sna trí bliana amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.