Written answers

Wednesday, 24 September 2008

Department of Health and Children

Seirbhísí Tacaíochta

9:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 597: To ask the Aire Sláinte agus Leanaí an bhféachfaidh sí as an nua ar sheirbhísí méala agus an gcuirfidh sí próiseas ar siúl le polasaí a fhorbairt d'fhonn freastal cuimsitheach agus luath a dhéanamh orthu siúd uile atá faoi bhrón sa tír seo. [31175/08]

Photo of John MoloneyJohn Moloney (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Seoladh Tuarascáil an Ghrúpa Shaineolaigh faoi Pholasaí Sláinte Meabhrach, — Fís don Athrú — i Mí Eanáir 2006, a chuireann ar fáil creatlach do sheachadadh seirbhíse sláinte meabhrach atá nua aimseartha agus den scoth sna seacht go deich mbliana atá romhainn. Molann an Tuarascáil forbairt seirbhísí cuimsitheach i bhfoirne ildhisciplíneacha atá dírithe ar dhaoine agus a ngátar, tacaíocht lucht méala san áireamh.

Tá an Tuarascáil glactha ag an Rialtas mar bhunús ar fhorbairt na seirbhísí sláinte meabhrach as seo amach. Seachas sin, sa Tuarascáil 'Lámh Chuidithe' — Straitéis Náisiúnta Do Ghníomhaíocht Faoi Chosc Féinmharaithe 2005-2014 — is é cuspóir faoi Réimse Gníomhaíochta 23 ná chuna cinntiú go soláthraítear seirbhís éifeachtach agus chaighdeánaithe agus freagra tacúil ag lucht gairme ábhartha i raon suímh go háirithe nuair a tharlaíonn bás trí fhéinmharú. Freisin, molann an Réimse Gníomhaíochta go gcuirtear i bhfeidhm iniúchta agus athbhreithnithe ar raon agus ar chaighdeán na seirbhísí tacaíochta ginearálta méala agus na seirbhísí sonracha atá ar fáil le tacú leis na daoine sin atá faoi mhéala tar éis féinmharaithe.

I 2007, choimisiúnaigh an Oifig Náisiúnta na hÉireann do Chosc Féinmharaithe athbhreithniú mar sin agus foilsíodh an Tuarascáil i 2008. D'fhorbair an Oifig Náisiúnta na foilseacháin tacaíochta do lucht méala 'You Are Not Alone', a léiríonn na tacaíochta atá ar fáil agus chun comhairle shimplí phraiticiúil a chur ar fáil.

Freisin, d'ullmhaigh an Oifig Náisiúnta Eolaire faoi na Seirbhísí Tacaíochta Méala atá ar fáil. Soláthraítear ann liosta de sheirbhísí tacaíochta méala atá tiomanta do dhaoine a bhfuair cara/gaol leo bás trí lámh a chur ina mbás féin. Cuimsíonn na Seirbhísí grúpaí áitiúla, grúpaí féinchabhrach agus gníomhaireachtaí náisiúnta deonacha a bhfuil brainsí acu ar fud na tíre. Tá an tEolaire agus an Leabhráin Eolais ar fáil ón Oifig Náisiúnta agus ó na hOifigigh Réigiúnacha Acmhainne. Freisin, tá siad ar fáil ar fud na tíre ó dochtúirí, cróinéirí, adhlacóirí agus ón Garda Síochána.

Ina theannta sin, tugann an Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte, agus an Oifig Náisiúnta na hÉireann do Chosc Féinmharaithe, tacaíocht do ghrúpaí deonacha a chuireann seirbhísí tacaíochta do lucht méala ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.