Written answers

Tuesday, 8 July 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Conradh na Gaeilge

11:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 567: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcinnteoidh sé go ndéanfar plaic chuimhneacháin a chrochadh ar 6 Sráid Fhearchair chun léiriú a dhéanamh ar a stair mar chuid den Ollscoil Chaitliceach ag an gCairdinéal Newman agus de Bhanc Shinn Féin faoin gCéad Dáil. [27421/08]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 568: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas lena Roinn ó Chonradh na Gaeilge ag lorg deontais chun foirgneamh nua a cheannach nó a fháil ar cíos i mBaile Átha Cliath nó eile chun a cheannáras a aistriú chuige. [27422/08]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 569: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén teagmháil a bhí aige nó ag oifigí na Roinne le Conradh na Gaeilge maidir leis an bplean ag an eagras sin a cheannáras ag 6 Sráid Fhearchair a dhíol agus a aistriú chuig ceannáras úr. [27423/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaigh mé Ceisteanna 567 go dtí 569 le chéile.

Mar a thug mé le fios mar fhreagra ar Cheist Uimh 49 ar 26 Meitheamh 2008, tuigim go bhfuil ceannáras reatha Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair ar an margadh le díol ag an eagras deonach seo ar mhaithe le lár-ionad Gaeilge nua agus le háiseanna níos oiriúnaí don lá atá inniu ann a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath. Meastar nach bhfuil an suíomh agus an foirgneamh reatha oiriúnach do riachtanais an lae inniu, ach go bhfuil luach ann a d'fhéadfadh cur go mór le hinmharthanacht an togra atá beartaithe. Tá teagmháil rialta idir an Conradh agus mo Roinnse maidir leis an togra agus na féidearthachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun tacú le lár-ionad sóisialta Gaeilge dá leithéid. Leanfar leis na teagmhálacha sin. Ní léir go dtitfeadh sé mar chúram ar mo Roinnse plaic a chrochadh den chineál atá luaite ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.