Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Justice, Equality and Law Reform

Stáisiúin an Gharda Síochána

10:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 543: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cathain atá sé chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh stáisiún an Gharda Síochána ar fáil i mBaile Eoin, Áth Luimní, An Uaimh, Contae na Mí. [25894/08]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

De réir alt 22 d'Acht an Gharda Síochána, 2005, is ábhar a bhaineann le Coimisinéir an Gharda Síochána, ar an gcéad ásc, i gcomhthéacs an Phlean Bhliantúil Póilíneachta, iad tograí i ndáil le stáisiúin Gharda Síochána a oscailt agus a dhúnadh. Tá curtha in iúl dom ag Údaráis an Gharda Síochána go ndéanann Bainistíocht áitiúil an Gharda Síochána faireachán ar threochtaí coireachta agus riachtanais phóilíneachta, agus go ndéanann siad iad a choimeád faoi athbhreithniú i gcónaí, agus níl aon phleananna ann, an tráth seo, Stáisiún Garda Síochána a bhunú i mBaile Eoin, Co. na Mí. Tá curtha in iúl dom, freisin, go ndéanann pearsanra faoi éide agus i ngnáthéadach, de shiúl cos agus ar rothair shléibhe, mar aon le patróil taistil, patról go rialta ar na limistéir a dtagraíonn an Teachta dóibh. Ina theannta sin, tá comhalta den Aonad Póilíneachta Pobail leithroinnte, go lánaimseartha, chuig limistéar Bhaile Eoin den Uaimh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.