Written answers

Thursday, 26 June 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Oileáin Ghaeltachta

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 52: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta maidir le fostaíocht agus infheistíocht ar na hOileáin Ghaeltachta i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24895/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 88 ar 5 Nollaig 2007. Mar atá curtha in iúl cheana, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta agus forbartha a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall ina measc.

Tuigim ón Údarás go bhfuil pleananna forbartha cúig bliana d'Árainn Mór agus Toraigh á n-ullmhú faoi láthair ag na gcomharchumainn ar na hoileáin sin le cúnamh ó oifigigh an Údaráis. Cuideoidh na pleananna seo go mór le deiseanna forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, cuireann an tÚdarás deontais reáchtála bliantúla ar fáil le struchtúir forbartha pobail a chinntiú d'Árainn Mhór agus Toraigh. Ar ndóigh, cuidíonn gníomhaíochtaí na gcomharchumainn le forbairtí eile a chur chun cinn ar na hoileáin — sna hearnálacha mara, turasóireachta, seirbhísí áitiúla agus teanga ach go háirithe.

Tuigfidh an Teachta go bhfuil dúshlán ar leith ag baint le hinfheistíocht a mhealladh ón mórthír isteach go dtí na hoileáin agus tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil gach deis á glacadh, feadh a gcumais, chun infheistíochta dá leithéid a spreagadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.