Written answers
Thursday, 26 June 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Conradh na Gaeilge
5:00 pm
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 49: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é a thuairim faoi phlean Chonradh na Gaeilge an foirgneamh a bhronn an Stát air, ar an mbonn go n-úsáidfí é mar cheannáras agus chun cultúir na tíre a chur chun cinn ag 6 Sráid Fhearchair, a dhíol chun árais eile a fháil, agus an raibh aon teagmháil idir é agus Coiste Gnó an Chonartha maidir le deontas cuí a thabhairt don Chonradh chun an fhoirgnimh stairiúil seo a athchóiriú chun é a chur in oiriúint don nua-aois. [24739/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim go bhfuil ceannáras reatha, Conradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair ar an margadh le díol ag an eagras deonach seo ar mhaithe le lár-ionad Gaeilge nua agus le háiseanna níos oiriúnaí don lá atá inniu ann a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath. Meastar nach bhfuil an suíomh agus an foirgneamh reatha oiriúnach do riachtanais an lae inniu, ach go bhfuil luach ann a d'fhéadfadh cur go mór le hinmharthanacht an togra atá beartaithe. Tá teagmháil rialta idir an Conradh agus mo Roinnse maidir leis an dtogra agus na féidearthachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun tacú le lár-ionad sóisialta Gaeilge dá leithéid.
No comments