Written answers
Thursday, 26 June 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Coistí Ranna
5:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 18: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó cruinnithe a bhí ann go dtí seo den fhochoiste Rialtais i leith na Gaeilge. [24934/08]
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 40: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil cathaoirleach nua le hainmniú don fhochoiste Rialtais i leith na Gaeilge. [24935/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 18 agus 40 le chéile.
Faoi mar atá curtha in iúl don Teach cheana, bunaíodh an Coiste Rialtais a luann an Teachta chun breathnaithe ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí sa tuarascáil a d'eascair ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí an chéad chruinniú den Choiste ann ar 10 Aibreán 2008. Ag éirí as ath-ainmniú an Rialtais ar 7 Bealtaine 2008, tá cinneadh déanta go mbeidh ballraíocht ag an gCoiste mar seo a leanas:
An Taoiseach (Cathaoirleach)
An Tánaiste agus Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta
An tAire Airgeadais
An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
An tAire Iompair
An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
An tAire Oideachais agus Eolaíochta
An tAire Gnóthaí Eachtracha
An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
An Príomh-Aoire
Tá mé ag súil leis go mbeidh an chéad cruinniú eile den Choiste ann go luath.
No comments