Written answers
Thursday, 26 June 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Nuachtáin Gaeilge
5:00 pm
Arthur Morgan (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 14: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bearta a dhéanfaidh sé, mar aon le Foras na Gaeilge, chun a chinntiú go leanfar den dá nuachtán Gaeilge, Lá Nua agus Foinse, ar a laghad, a fhoilsiú. [24740/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil chun Foinse agus Lá Nua a fhoilsiú. Tuigim ón bhForas go mbeidh deireadh leis na conarthaí reatha ar 31 Nollaig 2008. Tuigim freisin go bhfuil próiseas comhairliúcháin maidir le foilseachán nuachtán Gaeilge ar siúl ag an bhForas i láthair na huaire agus go rabhthas ag glacadh le haighneachtaí ón bpobal go dtí Dé hAoine seo caite. Cuirfear torthaí an phróisis sin san áireamh nuair a bheidh Bord Fhoras na Gaeilge ag déanamh cinntí sa bhfómhar maidir lena straitéis chun nuachtáin Ghaeilge a mhaoiniú amach anseo.
No comments