Written answers
Thursday, 26 June 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Caiteachas Ranna
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 8: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén gearradh siar a bheidh ar chaiteachas a Roinne i leith na Gaeilge in 2008; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24932/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá soláthar de bhreis ar €92m i Vóta mo Roinne i mbliana le caitheamh i leith na Gaeilge. San áireamh san fhigiúr sin, tá soláthar déanta do raon seirbhísí mar a leanas:
Seirbhís | Soláthar |
€000 | |
Tithíocht Ghaeltachta | 4,000 |
Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta sa Ghaeltacht | 10,767 |
Scéimeanna Pobail agus Áiseanna Caithimh Aimsire sa Ghaeltacht | 6,367 |
Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht | 6,133 |
Údarás na Gaeltachta — Riarachán | 12,970 |
Údarás na Gaeltachta — Caiteachas Reatha | 4,685 |
Údarás na Gaeltachta — Caiteachas Caipitil | 22,500 |
Ciste na Gaeilge | 5,365 |
An Coimisinéir Teanga | 1,040 |
Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge | 992 |
Foras na Gaeilge | 17,288 |
Tá súil agam go gcaithfear an soláthar iomlán atá déanta i leith na Gaeilge faoi dheireadh na bliana.
No comments