Written answers
Thursday, 15 May 2008
Department of Finance
Faoiseamh Cánach
5:00 pm
Paul Gogarty (Dublin Mid West, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 61: To ask the Aire Airgeadais an dtugann sé faoiseamh cánach i leith an chúrsa MH51C, Ard-Dioplóma san Aistriúchán i gColáiste na hOllscoile, Maigh Nuad, agus an leagfaidh sé amach a thuairimí faoi. [19162/08]
Brian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I gcoitinne, tá faoiseamh cánach de réir an ráta chaighdeánaigh le fáil i dtaca le táillí teagaisc a íocann duine aonair maidir le hOideachas Tríú Leibhéal. Is í an uasteorainn ar tháillí incháilithe dá leithéid sa bhliain acadúil 2007/2008 ná €5,000 (an ráta caighdeánach).
Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a chur in iúl dom go bhfuil faoiseamh cánach de réir an ráta chaighdeánaigh ar fáil faoi láthair i dtaca le táillí teagaisc atá íoctha ag duine aonair maidir le Cúrsa Ard-Dioplóma san Aistriúchán ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad.
Is féidir an faoiseamh a éileamh ar thuairisceán cánach an duine aonair ag deireadh na bliana cánach nó le linn na bliana cánach ina T(h)eastas Creidmheasanna Cánach ach na táillí a bheith íoctha.
No comments