Written answers
Thursday, 15 May 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Forbairt na nOileán
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 32: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice ar Oileán Thoraí agus cén uair a bhfuil súil aige go gcuirfear tús leis an obair. [18794/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ar iarratas ó mo Roinnse agus i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, tá Comhairle Chontae Dhún na nGall i mbun an phróiséis chun Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an dtalamh a theastaíonn don aerstráice ar Oileán Thoraigh.
Is é an staid reatha ná go bhfuil na léarscáileanna agus na fógraí oifigiúla á réiteach ionas gur féidir seilbh dlíthiúil a fháil ar an suíomh. Tuigim go bhfuiltear ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta ar an ghné seo den fhorbairt laistigh d'achar gairid.
No comments