Written answers
Thursday, 15 May 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 28: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid airgid a bheidh ar fáil i mbliana do Shoilse Nollag as Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18838/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I dtús báire, ba mhaith liom a mhíniú don Teachta nach bhfuil aon chiste airgid ar leith ar fáil ó mo Roinn-se chun soilse Nollag a chur ar fáil as Gaeilge. Sin ráite, áfach, tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn ón bhFo-Chiste Gnó de Chiste na Gaeilge d'eagrais dheonacha agus do ghrúpaí gnó chun cúnamh a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chur chun cinn i measc gnóthaí áitiúla pobail. Chun a bheith cáilithe don mhaoiniú seo, ní mór don ghrúpa plean gnó as Gaeilge a chur ar fáil le spriocanna sonracha a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus míniú cruinn ar cén chaoi a mbainfear na spriocanna seo amach. Tá an maoiniú seo ar fáil ó mo Roinn-se ar an gcoinníoll go mbíonn comh-mhaoiniú (íosmhéid de 25%) ar fáil ag an iarratasóir ó údaráis áitiúla nó ó ghnóthaí áitiúla pobail eile.
Mar fhocal scoir, cé go bhfuil fáilte roimh iarratais faoin bhFo-Chiste Gnó, ní mór dom a mhíniú gur suim theoranta airgid atá ar fáil agus, sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh sé tarlú nach mbeifí ábalta freastal ar gach iarratas.
No comments