Written answers

Thursday, 15 May 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foclóir Leictreonach

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 21: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhfoclóir leictreonach Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18840/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a mhínigh mé mar fhreagra ar Cheist Uimh 11 ar 27 Meán Fómhair 2007, cheap Foras na Gaeilge Bainisteoir Tionscadail i mí Feabhra 2007 chun an tionscadal a chur chun cinn agus fógraíodh an comórtas tairisceana do Chéim 2a den tionscadal (bunachar sonraí a chur le chéile de na hiontrálacha a bheidh san fhoclóir ó thaobh an Bhéarla de) i mí Lúnasa 2007.

Tuigim ón bhForas go bhfuil dul chun cinn sásúil déanta leis an tionscadal le roinnt míonna anuas. Ar dtús, bronnadh conradh i ndáil le Céim 2a i mí na Nollag 2007. Cuireadh tús leis an obair sin ó shin agus táthar ag súil leis an chéad charn den bhunachar sonraí Béarla i mí Iúil na bliana seo. Baineadh amach céim shuntasach eile nuair a ceapadh Eagarthóir Foclóireachta agus nuair a thosaigh an té sin i mbun dualgais i mí Feabhra na bliana seo. Maidir le Céim 2b den tionscadal (mar a bhaineann le céim an aistriúcháin), tá sonraíocht don chéim sin á ullmhú i láthair na huaire agus táthar ag súil le tairiscintí a lorg ina leith níos faide amach sa bhliain.

Is fiú dom a mheabhrú don Teachta go mbaineann na céimeanna seo leis an bunachar sonraí don Fhoclóir Nua ar fad a thiomsú, idir an leagan leictreonach agus an leagan clóite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.