Written answers

Thursday, 15 May 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Stádas na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 9: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na cainteanna a bhí aige ó thús na bliana leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, i dtaobh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [18841/08]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 23: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge maidir le haistritheoirí agus ateangairí cáilithe a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18839/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 9 agus 23 le chéile.

Mar is eol don Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais ag an nGaeilge ó thús na bliana 2007. Sa chomhthéacs sin, tá mo Roinn-se ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, le Foras na Gaeilge agus le páirtithe iomchuí eile le cinntiú go mbeidh dóthain daoine oilte — aistritheoirí agus ateangairí cáilithe san áireamh — ar fáil ag institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go deimhin ag an Stát, chun freastal ar a gcuid riachtanais ó thaobh na Gaeilge de.

Tuigtear dom go bhfuil an Coimisinéir Teangacha san Eoraip sásta go bhfuil comhoibriú maith idir na Ranna cuí anseo in Éirinn agus Institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ar an leibhéal Eorpach de. Cinnte, tá dúshlán fós romhainn — go háirithe ó thaobh theangairí-dlíodóirí de — ach tá beartais praiticiúla idir lámha ag mo Roinnse chun dul i ngleic leo. Tuigim chomh maith go bhfuil obair idir lámha ag Foras na Gaeilge cheana féin maidir le athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Maidir leis na céimeanna atá tógtha chun haistritheoirí agus ateangairí cáilithe a chur ar fáil, tá Foras na Gaeilge, ar iarratas uaimse, tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Tá an caighdeán cuí bainte amach anois ag 98 aistritheoir agus tá sonraí iomlána an phainéil ar fáil ar shuíomh idirlín an Fhorais, www.forasnagaeilge.ie. Tuigim ón bhForas go raibh scrúdú creidiúnaithe eile ann ag deireadh mí Feabhra agus tá súil acu go mbeidh torthaí na scrúduithe sin ar fáil laistigh de thréimhse ghearr. Tá i gceist acu freisin scrúdú eile a reachtáil i 2009. Anuas ar sin, bíonn ceardlanna d'aistritheoirí Gaeilge á reachtáil ag an bhForas go rialta ar fud an oileáin d'fhonn cabhrú le hiarrthóirí an caighdeán cuí a bhaint amach agus tuigim go bhfuil ag éirí go breá leis na ceardlanna sin. Sa bhreis ar sin, tá cúrsa ar-líne d'aistritheoirí, atá creidiúnaithe ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad, á reachtáil ó mhí Meán Fhómhair 2006 le cabhair ón bhForas.

Ní miste a lua go bhfuil ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge d'fhonn líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú. I measc na gcúrsaí atá á maoiniú ón gciste agus atá tosaithe nó le tosú amach anseo, tá cúrsaí dírithe ar ateangairí, ar aistritheoirí agus ar theangairí-dlíodóirí. Tá mo Roinn ag tabhairt cúnamh freisin chun traenáil d'ateangairí a chur ar fáil in Ollscoil Westminster. Chomh maith leis sin, tá maoiniú á chur ar fáil do chúrsa dírithe ar ateangairí a bheidh á reachtáil ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh i mbliana.

Mar fhocal scoir, tá mo Roinn-se ag obair le hÓstaí an Rí chun cúrsa céime d'abhcóidí a chur ar fáil. Tá dóchas ann go dtosóidh an cúrsa i bhFómhar na bliana seo ach muna mbainfear an sprioc sin amach, is cinnte go dtosóidh sé i 2009. Idir an dá linn, cuireadh dian-chúrsa i dtéarmaíocht dlí agus gramadach na Gaeilge ar fáil in Óstaí an Rí i 2007 agus beidh cúrsa eile dá leithéid ann arís i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.