Written answers

Thursday, 8 May 2008

Department of Finance

Faoiseamh Cánach

5:00 pm

Photo of Paul GogartyPaul Gogarty (Dublin Mid West, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 93: To ask the Aire Airgeadais an dtugann sé faoiseamh cánach i leith cúrsaí iarchéime Gaeilge mar a thugtar i leith cúrsaí inmholta i dteangacha iasachta agus an leagfaidh sé amach a thuairimí faoi. [17298/08]

Photo of Brian Lenihan JnrBrian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi réir Alt 473A den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997, foráiltear, faoi choinníollacha áirithe, gur féidir faoiseamh cánach ag an ráta caighdeánach de cháin ioncaim (20%) a thabhairt i leith táillí teagaisc a íocann duine aonair i dtaca le cúrsa oideachais tríú leibhéal agus cúrsa iarchéime san áireamh. Cuimsítear anseo cúrsaí iarchéime i dtaca leis an nGaeilge. Is é an t-uasmhéid de tháillí incháilithe ar a lamháiltear faoiseamh cánach ná €5,000. Tá sonraí iomlána i dtaobh na scéime le fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag http://www.revenue.ie/index.htm?/leaflets/it31.htm. Ach más mian leis an dTeachta na sonraí i dtaobh cáis áirithe a sholáthar, cinnteoidh na Coimisinéirí Ioncaim an bhfuil na táillí a íoctar i leith an chúrsa sin i dteideal faoisimh chánach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.