Written answers

Thursday, 8 May 2008

Department of Education and Science

Foireann Scoile

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 420: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé athscrúdú ar an tiarratas ó scoil aon oide (sonraí tugtha) múinteoir breise nó cúntóir nach oide é nó í a ceapadh don scoilbhliain 2008/09 ó tharla go bhfuil ocht ndalta ar an Rolla faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17362/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

De réir sonraí a chur Bord Bainistíochta na scoile dá dtagraíonn an Teachta faoi bhráid mo Roinnese, b'é an rolla ar 30ú Meán Fómhair, 2007 ná seisear mac léinn. De réir an sceidil foirne (Ciorclán 0010/2008), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinnese ag www.education.ie, Príomhoide amháin a bheidh ann i gcónaí mar fhoireann príomhshrutha na scoile don scoilbhliain 2008/2009.

Tá bord achomhairc neamhspleách anois ann chun breith a thabhairt ar achomhairc faoi sholáthar foirne príomhshrutha i mbunscoileanna. Léirítear sonraí faoin nós imeachta achomhairc insan sceideal foirne agus chomh maith leis sin i gCiorclán 0024/2007 (Bord Achomhairc do Sholáthar Foirne Príomhshrutha i mBunscoileanna) atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ar an Roinn agus níl dul thar bhreith an Bhoird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.