Written answers

Thursday, 1 May 2008

Department of Foreign Affairs

Córas Aistriúcháin

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 100: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha cad tá á dhéanamh aige chun a dheimhniú go gcuirfí córas iomlán aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil do Chomhaltaí Éireannacha i bParlaimint na hEorpa de réir Rialachán 1/1958, Sa tslí is go mbeidh ar a gcumas a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ar bhonn comhionann agus gan idirdhealú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17040/08]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre an AE ar an nGaeilge ar 1 Eanáir 2007. Sainmhíníonn Rialachán 920/2005 na socraithe a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil. Ciallaíonn an stádas a baineadh amach go gcaithfidh gach institiúid san AE, an Pharlaimint san áireamh, gach rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa leo i gcompháirt a aistriú go Gaeilge.

Cuirtear seirbhís i nGaeilge ar fáil do Chomhaltaí Éireannacha i seisiún iomlánach i bParlaimint na hEorpa, i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus i gCoiste na Réigiún.

Táim sásta go bhfuil muid tar-éis lán-tacaíocht agus comhoibriú a fháil ó gach institiúid san AE i leith an cinneadh seo a chur i bhfeidhm. Labhraíonn Airí agus Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go rialta i nGaeilge ag a gcuid cruinnithe sa Chomhairle agus sa Pharlaimint. Aistreofar gach doiciméid bainteach leis an nós imeachta comhpháirteach go Gaeilge. Leanfaimid ag obair, i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséal ionnas go dtabharfar gach tacaíocht d'Institiúid an AE seirbhísi trí Ghaeilge, seirbhísí do Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa san áireamh, a sholáthar taobh istigh de chóras Rialachán 920/2005.

Is ábhar don Pharlaimint féin, ar ndóigh, a seirbhís aistritheoireachta a reachtáil.

Bíonn mo Roinn-se i gcónaí ag obair go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt d'Institiúidí an AE. Mar shampla, thug an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cabhair don Pharlaimint i leith cursaí oiliúna d'iarrthóirí ar phostanna mar aistritheoirí. Cabhraíodh le h-iarrthóirí éagsúla freastal ar chúrsa aistritheoireachta in Ollscoil Westminster. Bhain triúr díobh cailíocht amach an bhliain seo caite, agus cuireadh ag obair go neamh-rialta iad. Tá beirt eile ag dul ag déanamh staidéir sa bhFómhar i Westminster. Tá sé ar intinn againn teacht ar níos mó iarrthóirí sna blianta amach anseo agus obair a dhéanamh leis an bParlaimint chun na deiseanna seo a fhógairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.