Written answers

Wednesday, 23 April 2008

Department of Education and Science

Clár Tógála Scoileanna

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 183: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le scoil úr (sonraí tugtha) a thógáil, an bhfuil suíomh úr aimsithe, an bhfuil an suíomh ceannaithe, cén staid ag a bhfuil cúrsaí pleanála don scoil ag an phointe seo; cén uair a chuirfear tús leis an obair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15530/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táthar tar éis a iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí, a fheidhmíonn thar ceann mo Roinnse go ginearálta maidir le fáil suíomhanna do scoileanna, suíomh oiriúnach a aimsiú don scoil atá i gceist. Táthar tar éis suíomh oiriúnach a shainaithint agus tá fáil an tsuímh sin dulta ar aghaidh go dtí ardchéim. Machnófar ceannach an tsuímh agus an tionscadal tógála atá molta don scoil i gcomhthéacs an Chlár ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna atá ar siúl ag mo Roinnse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.