Written answers

Tuesday, 22 April 2008

Department of Education and Science

Scrúduithe Stáit

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 345: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é líon na macléinn a thóg an Teastas Sóisearach agus an Ard-Teistiméireacht i 2007 agus a bhí ag freastal ar mheánscoil Ghaeltachta, an méid díobh a thóg ábhair trí Bhéarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15363/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá cúram reachtúil ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit maidir le ceisteanna oibríocha a bhaineann le scrúduithe teastais, ina measc tionól scrúduithe a eagrú, nósanna imeachta a shocrú in áiteanna ina stiúrtar scrúduithe agus socruithe a dhéanamh do mharcáil oibre a chuirtear i láthair le scrúdú. Tá curtha in iúl dom ag an gCoimisiún gur sheas 483 iarrthóirí as scoileanna Gaeltachta an Ardteistiméireacht i 2007, sheas naonúr an Ardteistiméireacht Fheidhmitheach agus sheas 624 an Teastas Sóisearach.

Ní féidir a rá cén líon iarrthóirí astu siúd a sheas na scrúduithe teastais in sna scoileanna sin a fhreagair trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Iarrthóirí a chuireann iarratas isteach ag an gCoimisiún ag rá gur mian leo an scrúdú a sheasamh trí Ghaeilge, tá sé de cheart acu an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla araon a fháil ag an ionad scrúdaithe agus dá thoradh sin tá sé de rogha acu freagairt trí cheachtar den dá theanga. I scrúdú an Teastais Shóisearaigh i 2007, chuir 531 iarrthóirí iarratas isteach ar ábhar amháin ar a laghad a sheasamh trí Ghaeilge agus i scrúdú na hArdteistiméireachta chuir 401 iarrthóirí iarratas isteach ar ábhar amháin ar a laghad a sheasamh trí Ghaeilge. Níor chuir duine ar bith de na hiarrthóirí don Ardteistiméireacht Fheidhmitheach iarratas isteach ar ábhar a sheasamh trí Ghaeilge.

Agus an próiseas marcála ar siúl, cuireann Scrúdaitheoirí marcanna bónais do fhreagairt trí Ghaeilge le scripteanna na n-iarrthóirí cuí agus ansin comhlánaíonn siad bileoga marcála a léiríonn iomlán na marcanna a bronnadh, ag cur na marcanna bónais san áireamh áit is cuí. Próiseálann an Coimisiún ansin na marcanna iomlána seo chun gráid na n-iarrthóirí a chinneadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.