Written answers
Thursday, 17 April 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéimeanna Feabhsúcháin
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 395: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ar dheontas do thionscnamh (sonraí tugtha), cén uair a fuarthas an t-iarratas, méid an deontais atá á lorg agus cén uair a bheidh cinneadh á dhéanamh. [14273/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Fuair mo Roinnse iarratas críochnúil sa chás seo i mí Aibreán 2007 agus, tar éis athphlé leis na hiarratasóirí, cheadaigh mé deontas de €639,000 ar 4 Aibreán 2008 faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht (€532,500) agus CLÁR (€106,500). Tá an deontas sin bunaithe ar chostas iomlán de €798,837 (€722,510 don obair thógála agus €76,327 do tháillí proifisiúnta).
Bhí moill neamhghnách ag baint leis an iarratas seo toisc go raibh ar Oifig na Roinne i nDún na nGall fanacht ar cheapachán Innealtóra agus toisc go raibh riaráistí oibre i gceist mar thoradh ar seo.
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 396: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén staid ag a bhfuil an t-iarratas ar dheontas chun céim a dó d'Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, an Bun Beag, Contae Dhún na nGall, a chríochnú. [14277/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ar 4 Aibreán 2008 cheadaigh mé deontas de €639,000 faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht (€532,500) agus CLÁR (€106,500) don togra atá luaite ag an Teachta.
No comments