Written answers

Tuesday, 8 April 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Oibreacha Feabhsúcháin

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 297: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar gheall ar an drochstaid ina bhfuil an ché ar Oileán Inis Bó Finne, Co Dhún na nGall agus an chontúirt do dhaoine ag úsáid na cé, an gceadófar deontas go luath le hobair feabhsúcháin a dhéanamh anseo. [13220/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratas faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar chúnamh 75% den chostas measta le haghaidh oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar Ché Inis Bó Finne.

Tá an togra seo á mheas i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt oileán i 2008 agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin. Is é an staid reatha ná go bhfuil clár caipitil uaillmhianach dar luach €33m á chur i gcrích i mbliana ar na hoileáin a bhfuil buanchónaí orthu agus tosaíocht dá réir ag baint leo.

Sna cúinsí uile, ní féidir a rá ag an bpointe seo cén uair a bheidh sé d'acmhainn ag mo Roinnse tabhairt faoin obair atá faoi chaibidil ag an Teachta ach coimeádfar an cás faoi bhreithniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.