Written answers
Thursday, 3 April 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Irish Language
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 44: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile ag Fóram na Gaeilge; cén chomhairle atá faighte aige ón bhFóram go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12323/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá ról leanúnach ag Fóram na Gaeilge chun comhairle a chuir orm maidir le réimsí éagsúla i leith na Gaeilge. Bhí an cruinniú deiridh den Fhóram ar 13 Feabhra 2008 agus níl dáta socraithe don chéad chruinniú eile go fóill.
Ag cruinniú a bhí agam le Fóram na Gaeilge ar 5 Márta 2007, aontaíodh go mbunófaí fo-choiste den bhFóram a d'fheidhmeodh mar nasc le mo Roinnse agus í ag gabháil leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a ullmhú. Bhí cruinnithe ag an bhfo-coiste i mí na Bealtaine 2007, Samhain 2007 agus Márta 2008. Beidh an chéad chruinniú eile acu ar 14 Aibreán 2008. I measc nithe eile, rinneadh plé ag na cruinnithe seo maidir le ceapachán comhairleoirí, cinn-teidil na straitéise agus an próiseas comh-chomhairleachta.
No comments