Written answers
Thursday, 3 April 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Irish Language
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 39: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad atá á dhéanamh chun a chumasú do phobal na Gaeilge an teanga sin a úsáid nuair a bhíonn siad ag plé leis an státchóras; cad atá á dhéanamh le pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na seirbhísí a thairgtear trí Ghaeilge mar thoradh ar scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12322/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is é príomh-chuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná soláthar níos mó de sheirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil ar chaighdeán níos airde. Bainfear é seo amach go príomha trí na scéimeanna teanga atá mar chroílár an Achta. Tá feidhm ag na scéimeanna ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar thréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil don phobal.
Go dáta, tá 75 scéim teanga, a chlúdaíonn 132 comhlacht poiblí, daingnithe agam agus foilsithe. Anuas ar sin, tá 41 scéim teanga eile, a chlúdaíonn 78 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Tá mo Roinn i mbun plé leis na comhlachtaí sin d'fhonn an próiseas a bhaineann le hullmhú na scéimeanna sin a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, seoladh fógra faoi alt 15 den Acht chuig 19 gcomhlacht poiblí eile roimh Nollaig ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scéimeanna, a bhí aontaithe leo i 2005, agus dréacht-scéimeanna nua a ullmhú. Fágann sé seo go bhfuil 60 dréacht-scéim teanga san iomlán á ullmhú faoi láthair.
Sna scéimeanna teanga atá aontaithe go dáta, leagtar amach na céimeanna a thógfaidh an comhlacht poiblí i gceist chun a chustaiméirí agus a fhoireann a chur ar an eolas faoi na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil i nGaeilge faoin scéim.
Ba mhaith liom a mhíniú don Teachta chomh maith go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn faoi láthair leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil a dara scéimeanna teanga á dhréachtú acu agus le páirtithe leasmhara eile maidir leis na tosaíochtaí do na scéimeanna sin. Tá poibliú seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna ar cheann de na nithe atá curtha san áireamh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo.
No comments