Written answers
Wednesday, 2 April 2008
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Seirbhísí Poist
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 1045: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé chun a iarraidh go mbeidh an córas códphoist atá á ullmhú ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha bunaithe ar logainmneacha Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12317/08]
Eamon Ryan (Dublin South, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Ceann de na téarmaí tagartha a leagadh ar an mBord um Thionscnamh na bPostchód Náisiúnta ná nach mbeadh ar éinne comhdhéanamh a sheoladh a mhalartú de bharr moladh a thiocfadh ón mBord. Mar sin dob é moladh an Bhoird ná an postchód a bheith mar líne breise don tseoladh. Níl i gceist toirmeasc a chur ar éinne leagan dá sheoladh d'úsáid i gceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit.
Ina theannta sin feictear go mbeidh thart ar 200 "bailte poist" agus mar sin 200 cumasc éagsúla de litreacha ag seasamh dóibh. I gcás baile atá lonnaithe san nGaeltacht níl aon ní san mholadh a chuirfeadh in aghaidh bunú na bpostchód seo ar leagan oifigiúil an logainm i nGaeilge.
No comments