Written answers
Wednesday, 2 April 2008
Department of Education and Science
Clár Tógála Scoileanna
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 729: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceapfar an fhoireann ghréasa do Ghaelscoil (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11520/08]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, b'fhéidir, bunaíodh Aonad Limistéar Forbraíochta i mo Roinnse le déanaí chun díriú ar na riachtanais cóiríochta scoile atá ag limistéir mearfhorbraíochta, ar a n-áirítear An Trá Mhór. Is amhlaidh go bhfuil an bhéim is mó á cur i 2008 ar dhóthain ionad scoile a sholáthar insna limistéir mearfhorbraíochta seo, chomh maith le feabhsúcháin a chur i gcrích i gcaighdeán na cóiríochta bunscoile agus iarbhunscoile atá ann faoi láthair ar fud na tíre.
Sa chomhthéacs seo, déanfar athmheasúnú ar stádas an tionscadail seo agus sannfar rátáil bhanda dó dá réir sin.
Fearacht gach uile tionscadail mhóir chaipitil atá idir lámha ag an Aonad Limistéar Forbraíochta, machnófar cur chun cinn an tionscadail i gcomhthéacs an Chlár Ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna.
No comments