Written answers

Tuesday, 4 March 2008

Department of Education and Science

Foghlaim na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 426: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na céimeanna atá á nglacadh aici chun a chinntiú go bhfuil áiseanna cuí ann timpeall na tíre chun gur féidir le gach duine sa tír idir óg agus aosta, idir Éireannaigh agus nua-Éireannaigh, an Ghaeilge a fhoghlaim agus an aontaíonn sí leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur ceart bunúsach é an Ghaeilge a fhoghlaim. [8948/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Forálann Alt 8 den Bhunreacht gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus príomhtheanga an Stáit. Sa chomhthéacs seo, déantar gach dícheall chun a chinntiú go gcuirtear deiseanna ar fáil trí réimse áisíneachtaí chun cur i gcumas daoine óga agus aosach an teanga a fhoghlaim. Insna scoileanna, tá an Ghaeilge ina hábhar riachtanach do chríochnú na timthriallach shinsearaí ag gach uile macléinn cé is moite dóibh siúd ar deonaíodh díolúine dóibh. Cuireadh curaclam nua bunscoile sa Ghaeilge i bhfeidhm i 2003, a bhí bunaithe ar chur chuige cumarsáideach a chuireann béim faoi leith ar scileanna éisteachta agus labhartha a fhorbairt, agus tá forbairt phroifisiúnta do mhúinteoirí curtha ar fáil ag seirbhís tacaíochta lánaimseartha. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, tá méadú go dtí 40% fógartha agam i gcéatadán na marcanna atá ar fáil do na béalscrúduithe, a mbeidh feidhm aige i leith gach iontrálaí nua ar an dara leibhéal ó Mheán Fómhair 2007 amach. Tá sé seo ceaptha chun athrú suntasach béime a chur chun cinn i dtreo na Gaeilge mar theanga labhartha, inar féidir le micléinn comhchaidreamh agus idirghníomhú a bheith acu lena chéile go nádúrtha, agus ina labhraítear an Ghaeilge gach lá insna scoileanna.

Tá dul chun cinn nach beag déanta ag mo Roinnse chomh maith i soláthar téacsleabhar agus acmhainní chun tacú leis an nGaeilge insna scoileanna, go háirithe ó cuireadh Scéim na nDearthóirí ar bun i 2001, agus ó cuireadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar bun i 2002. Cuireadh An Chomhairle ar bun chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna chun tacú leis an nGaeilge a chomheagrú, chun comhairle a thabhairt maidir le beartais a bhaineann leis an nGaeilge i scoileanna i gcoitinne agus i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, chun seirbhísí taca a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, agus chun taighde a sheoladh sa réimse seo. Oibríonn An Chomhairle go dlúth leis An nGúm, le Scéim na nDearthóirí agus le háisíneachtaí eile chun tabhairt faoin easpa acmhainní agus ábhar trí mheán na Gaeilge. Tá eolaire fairsing acmhainní foilsithe aici ar a suíomh gréasáin, agus 113 leathanach ann, d'ábhair agus acmhainní atá ar fáil anois chun tacú le múineadh na Gaeilge sa churaclam, agus le múineadh ábhar eile trí Ghaeilge, insna mbunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna araon.

Maidir leis an dtríú leibhéal, cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, An Ghaillimh, réimse clár trí Ghaeilge ar fáil ar an gcampas agus i lárionaid eile, agus tá trí lárionad aige sa Ghaeltacht i gCarna, sa Cheathrú Rua agus i nGaoth Dobhair. Tairgeann an coláiste cláir céime nó dioplóma i: Cumarsáid, Aistriúcháin, na hEalaíona, Oideachas, Gnó, Béaloideas, agus Teicneolaíocht Faisnéise. Bhunaigh Ollscoil Cathrach Átha Cliath Fiontar i 1993 chun cláir trí Ghaeilge a thairiscint, agus tairgeann sé dámhachtainí i nGnó agus Gaeilge, Gnó agus TFC, Cleachtadh Dátheangach, agus Gaeilge agus Iriseoireacht. Forlíontar an clár seo trí thionscnaimh ar scála níos lú i gcoláistí eile.

Mar fhocal scoir, cuireann mo Roinnse, maraon leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, scéimeanna deontais ar fáil chun tacú le soláthar cúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht do dhaoine óga chun cur ar a gcumas iad féin a thumadh sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. Baineann suas le 25,000 macléinn gach bliain feidhm as an gclár seo a thairgeann na Coláistí Samhraidh. Cuireann mo Roinn réimse deontas ar fáil do Choistí Gairmoideachais chun cur ar a gcumas oiliúint ghairmiúil a chur ar fáil d'aosaigh. Ina theannta sin, íoctar liúntais do na CGOanna agus do na scoileanna dara leibhéal chun cur ar a gcumas cúrsaí páirtaimseartha a chur ar fáil ar bhonn féin-mhaoinithe mar fhreagairt ar éileamh ón bpobal. Bunaíodh Breacadh i 2000 chun tacú leis na CGOanna agus iad ag iarraidh litearthacht aosach den scoth a chur ar fáil sa Gaeltacht trí mheán na Gaeilge. Tá sé freagrach ach go háirithe as forbairt ábhar agus cúrsaí oiliúna don Ghaeltacht. Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a mhaoiníonn Breacadh, agus oifigigh aosoideachais ó na CGOanna agus Comhlachtaí Páirtnéireachta sa Ghaeltacht a stiúrann é. Forlíontar é seo trí réimse leathan cúrsaí a chuireann comhlachtaí Gaeilge ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.