Written answers

Tuesday, 4 March 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foghlaim na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 374: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá a Roinn a ghlacadh chun an ceart bunúsach an Ghaeilge a fhoghlaim, is ceart a luaigh sé i litir 296/2008/ÉÓC/BMD 13 Feabhra 2008, a chur i ngníomh do gach duine in Éirinn, dóibh siúd atá tagtha chun cónaithe anseo san áireamh, agus an bhfuil aon teagmháil ag a Roinn le Ranna eile, nó leis an Rialtas, chun a chinntiú gur féidir le gach duine an ceart sin a chleachtadh, ar sin a éileamh. [8947/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is tagairt d'fhreagra ar chomhfhreagras a d'eisigh mé le déanaí atá luaite sa Cheist seo. Sa fhreagra sin, d'aontaigh mé le tuairimí a nochtaíodh maidir le deiseanna a thabhairt do dhaoine a raibh fonn orthu Gaeilge a fhoghlaim. Níl i gceist agam, áfach, forleathnú a dhéanamh ar chuile píosa comhfhreagrais chuig nó ó m'oifigse i bhfoirm freagra ar Cheist Dála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.