Written answers

Thursday, 21 February 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Iarratais Deontais

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 122: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do Halla Pobail (sonraí tugtha), cén uair a fuarthas an t-iarratas, cén staid ag a bhfuil an t-iarratas faoi láthair, cad é costas measta na forbartha, an gceadófar deontas go luath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7235/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratas ag mo Roinnse ar chúnamh chun obair athchóirithe a dhéanamh ar Ionad Pobail Naomh Fhionáin ó mí Márta 2006. Rinne Innealtóir na Roinne scrúdú ar an suíomh ar 4 Aibrean 2006 agus de thoradh an scrúdaithe sin iarradh ar an gCoiste tuilleadh eolais a chur ar fáil ar a n-áirítear Cead Pleanála do na hoibreacha atá i gceist. Tuigim go bhfuil an t-eolas sin curtha ar fáil do mo Roinnse le tamall anois agus tá súil agam go mbeidh moladh ina leith faoi mo bhráid go luath.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 123: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na sonraí faoi bhóithre áise i nGaeltacht Dhún na nGall a bhfuil iarratas ar dheontas ina Roinn ina leith agus cén uair a bheidh deontais á gceadú i mbliana. [7236/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ón bhliain 2002 go data, tá suas le 667 iarratas faighte ag mo Roinn faoi Scéim na mBóithre Áise i gContae Dhún na nGall agus ceadaíodh deontais i leith 238 acu sin. Chomh maith leis sin, faoi Chlár Mhionoibreacha na nOileán, ceadaítear deontais do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun bóithre ar Árainn Mhór agus Thoraigh a fheabhsú. Tá na hiarratais atá ar láimh á meas faoi láthair agus tá sé i gceist agam go gceadófar cuid dóibh go luath, ag tógáil san áireamh an soláthar airgid atá ar fáil d'oibreacha den chineál seo i mbliana agus na héilimh éagsúla ar an soláthar sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 124: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tionscnaimh forbartha pobail (hallaí, ionaid pobail agus áiseanna mar pháirceanna imeartha) ó Ghaeltacht Dhún na nGall a bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais ina leith. [7237/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratais ar chúnamh le haghaidh na tionscnaimh seo a leanas ó Ghaeltacht Dhún na nGall idir lámha ag mo Roinnse faoi lathair:

Páirc peile an Chlocháin Liath

Páirc Peile Ghleann Cholm Cille

Páirc Peile Leitir Mhic a'Bháird

Páirc Peile Mhin an Aoire

Páirc Peile An Charraig

Club Sacair Ghaoth Dobhair

Ionad Cois Locha — Cultúrlann

Naomh Fionáin — Ionad Pobail

Comhairle Chontae Dhún na nGall — 4 ionad sugartha

Halla Paróiste Chill Chártha — Ionad Pobail

Coláiste Bhríde Rann na Feirste — Coláiste Gaeilge

Ionad Pobail Ghaoth Dobhair

Comharchumann Thoraí — Ionad Turasóireachta

Ionad Oidhreachta agus Cultúrtha Rann na Feirste

Ionad Pobail Naomh Cholumba

Cumann Lúthchleas Gael na Rossa — Páirc Peile

Ionad Spóirt Tír na nÓg — Ionad Pobail

Club Sacair an Chlocháin Liath — Páirc Peile

Club Stoc Charanna Ghaoth Dobhair

Coláiste an Phiarsaigh

Coiste Forbartha na Carraige

Aonad Ownie Ghaoth Dobhair

Coiste Forbartha an Choimín

Coiste Forbartha Charraig Airt

Coiste Cultúr agus Teanga Chill Chártha

Seanteach Pobail Doirí Beaga

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.