Written answers
Thursday, 14 February 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
5:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 49: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hathruithe ar chumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a bheidh sa Bhille um Údarás na Gaeltachta atá geallta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [5600/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá cinneadh déanta agam ar an cheist maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis a mheas sa chomhthéacs níos leithne a eascraíonn as na moltaí atá sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh le déanaí. Mar is eol don Teachta, tá Coiste Comh-Aireachta bunaithe ag an Rialtas chun moltaí an staidéir seo a scrúdú agus plean gníomhaíochta comhtháite don Ghaeltacht a aontú laistigh de bhliain.
No comments