Written answers
Thursday, 14 February 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 41: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céanna i nDún na nGall a bhfuil iarratais ina leith ina Roinn faoi láthair le haghaidh deontas tógála nó feabhsúcháin agus an mbeidh deontais á gceadú ina leith. [5538/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá scéimeanna éagsúla ag mo Roinn le haghaidh deontas tógála nó feabhsúcháin i leith céanna, mar shampla scéimeanna Gaeltachta/Oileánda agus an clár CLÁR. Faoi láthair tá iarratais ag mo Roinn ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i ndáil leis na céanna seo a leanas:
Rannaigh
Inis Bó Finne
Cladach na gCaorach
Málainn Bhig
Mucros
Ros na Coire (An Machaire)
Clúid an Churraigh (Oileán na Cruite)
Machaire Gathláin
Tulaigh Oileáin
Cé na hÁithe (Ailt an Chorráin)
Cionn Caslach.
Tá an cás maidir le deontais a cheadú faoi scéimeanna Gaeltachta/oileánda mo Roinne chun na saoráidí seo a fheabhsú á mheas faoi láthair, ag tógáil san áireamh riachtanais na hoibre, an soláthar airgid a bheidh ar fáil d'oibreacha den chineál seo i 2008 agus na héilimh éagsúla ar an soláthar sin.
Mar eolas don Teachta, tá scéim ar leith faoin clár CLÁR bainteach le calaí, céanna agus creimeadh cósta. Cuireann an scéim seo maoiniú ar fáil chun calaí agus céanna a fhorbairt i gceantair CLÁR, má tá riachtanas ann d'áiseanna feabhsaithe. Mar eolas don Teachta, cuirtear iarratais faoin scéim seo go díreach chuig an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus níl aon tionchar ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta i roghnú nó monatóireacht na dtograí. Aontaíonn an dá Roinn, áfach, ar liosta na dtograí atá le maoiniú ar bhonn bhliantúil.
No comments