Written answers
Thursday, 14 February 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
5:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 35: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an mbagairt don Ghaeilge sna meáin chlóite mar gheall ar chinneadh Fhoras na Gaeilge gan tacú le plean tarrthála an nuachtáin Gaeilge Lá Nua agus an bhagairt anois go mbeidh ar an nuachtán sin dúnadh dá bharr agus an gá leis an Aire gníomhú gan mhoill chun an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge a shlánú. [5435/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge nach bhfuil cinneadh déanta acu gan tacú le Lá Nua. Tá deontas a sholáthar ag Foras na Gaeilge do Phreas an Phobail le Lá/Lá Nua a fhoilsiú ó bunaíodh an Foras. Tuigim, áfach, go bhfuil cinneadh déanta ag Bainistíocht Phreas an Phobail gan leanúint de bheith ag clóbhualadh ó 1 Márta. Shínigh an comhlacht conradh aontaithe, tar eis comórtas oscailte, le Foras na Gaeilge i 2006 le haghaidh páipéar laethúil a fhoilsiú agus mar chuid de sin bhí spriocanna aontaithe maidir le díolacháin, líon leathanach, srl.
I gcás go mbrisfear an conradh aontaithe, tuigtear dom go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge comórtas nua oscailte a reáchtáil. Anuas ar aon rud eile, tuigtear go bhfuil dreamanna eile a chuirfeadh isteach ar chomórtas le haghaidh nuachtán leictreonach, ach a leithéid a bheith fógartha ag an bhForas, ach nach gcuirfeadh isteach ar chomórtas le haghaidh nuachtán fisiciúil. Beidh rogha ag an bhForas comórtas le haghaidh páipéar fisiciúil, nó nuachtán leictreonach, nó an dá rud, a fhógairt má tá conradh nua i gceist.
No comments