Written answers
Thursday, 14 February 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 12: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ceadaithe anois; an ainmneoidh sé iad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [5597/08]
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 32: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó dréachtscéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá os a chomhair anois agus an ainmneoidh sé iad. [5598/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá i gceist agam Ceisteanna Uimhir 12 agus Uimhir 32 a thógáil le chéile.
Tá 74 scéim teanga, a chlúdaíonn 131 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Sa bhreis ar sin, tá 42 scéim teanga nua eile, a chlúdaíonn 79 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Ba mhaith liom a mhíniú don Teachta chomh maith go mbeidh tréimhsí ama na gcéad scéimeanna teanga a dhaingnigh mé i 2005 ag teacht chun deiridh i 2008. Dá bhrí sin, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, sheol mé fógra, faoi alt 15 den Acht, chuig 19 gcomhlacht poiblí eile roimh Nollaig ag iarraidh orthu
athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scéimeanna, agus
dréacht-scéim nua (an dara scéim teanga dá gcuid) a ullmhú agus a
thíolacadh chugamsa le daingniú laistigh de sé mhí. Fágann sé seo go bhfuil os cionn 60 dréacht-scéim teanga san iomlán á n-ullmhú faoi láthair. Tá sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil scéimeanna aontaithe leo nó a bhfuil dréacht-scéimeanna á n-ullmhú acu ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.
No comments