Written answers
Wednesday, 6 February 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 244: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbíonn ar bhaill de Bhord Fhoras na Gaeilge cruinnithe a fhágaint nuair atá cinntí faoi dheontais a bhaineann leis an eagras nó gnó a bhfuil siad féin bainteach leis á ndéanamh, nó nuair atá polasaí straitéiseach i leith na hearnála a bhfuil siad gníomhach inti á phlé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3928/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil polasaí coimhlint leasa acu atá ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr. Bíonn ar chomhaltaí boird cruinniú a fhágáil nuair atá sé soiléir go bhfuil coimhlint ann, mar shampla, nuair atá baint acu le tionscadal nó earnáil atá faoi chaibidil; nuair atá baint acu le ceann de na grúpaí bunmhaoinithe agus an buiséad do na grúpaí sin á phlé; nó nuair atá baint ag duine gaolta le comhalta boird le tionscadal atá a phlé. Tuigim go raibh cur i láthair ar an gceist seo don Bhord nua ag a gcéad cruinniú ar 25 Eanáir 2008.
No comments