Written answers

Wednesday, 30 January 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Calafoirt agus Céanna

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 783: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn maidir le hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar Ché Inis Bó Finne, Dún na nGall; cad iad sonraí na n-oibreacha atá i gceist agus na costais mheasta atá ag gabháil leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1800/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratas faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh le haghaidh feabhsúcháin a dhéanamh ar Ché Inis Bó Finne ar chostas measta de bheagnach €500,000.

Tá an t-iarratas á mheas faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar fhorbairt oileán i gcoitinne, ag tógáil san áireamh na tosaíochtaí agus na héilimh éagsúla gur gá freastal orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.