Written answers

Wednesday, 19 December 2007

Department of Foreign Affairs

Irish Language

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 218: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha an raibh aon chruinniú nó comhfhreagras idir é, nó oifigigh a Roinne, le Rialtas Shasana maidir le gealltanais i gComhaontú Chill Rímhinn ar Acht Teanga don Ghaeilge a rith agus an féidir leis ráiteas a dhéanamh ina leith. [35731/07]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Leagann Aguisín B le Comhaontú Chill Rímhinn amach gealltanais Rialtas na Breataine i leith cearta daonna, comhionannais, íobartaigh, agus ábhair eile. I measc na hábhair seo, tá gealltanas ar leith tugtha go dtabharfaí isteach Acht Teanga do Thuaisceart na hÉireann, agus go ndéanfaí comh-oibriú leis an bhFeidhmiúchán nua le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.

Mar aon leis an ngealltanas seo, cuireann Acht Thuaisceart na hÉireann (Comhaontú Chill Rímhinn) 2006, a achtaíodh i Westminster ar an 22 Samhain 2006, iachall ar an bhFeidhmiúchán nua straitéis a bhunú a dhéanann cur síos ar an slí ina mbeartaíonn sí forbairt na teanga a chur chun cinn agus a chosaint.

D'ardaigh mé an t-ábhar seo leis an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, an tUasal Shaun Woodward MP, nuair a bhuail mé leis i mBaile Átha Cliath ar an 12 Meán Fomhair 2007. Ardaíodh an cheist chomh maith i gcruinnithe idir an tAire Éamon Ó Cuiv TD agus a chomhionann i dTuaisceart Éireann, an tAire Edwin Poots MLA le déanaí. Pléadh an cheist sa Tionól freisin ach, mar tá fhios ag an Teachta, ní raibh na páirtithe ag an am ar aon bharúil fúithi.

Tá sé leagtha amach ag an Rialtas na gealltanais i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh, agus ar ndóigh na gealltanais i leith na Gaeilge san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.