Written answers

Wednesday, 5 December 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Gníomhaireachtaí Roinne

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 75: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil Foras na Gaeilge ag oibriú chomh maith agus ba cheart é a bheith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32618/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is í aidhm Fhoras na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann agus tá clár oibre leathan ar siúl ag an bhForas d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

Go deimhin, ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (Formáid Teanga), a tionóladh in Iúr Cinn Trá ar 26 Deireadh Fómhair 2007, chuir mé fein agus mo chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, Edwin Poots, MLA, fáilte roimh thuairisc ar obair an Fhorais, go háirithe sa réimse ríomh-sheirbhísí rialtais. Rinne muid tagairt ar leith

don bhunachar sonraí, ww.focal.ie,

do sheoladh leagan Gaeilge de Windows XP i gcomhar le Microsoft; agus

don Chóras Creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge (tá 98 aistritheoir lán-chreidiúnaithe ar an liosta anois).

Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tugann Foras na Gaeilge bun-mhaoiniú do 15 eagras Gaeilge agus maoinítear raon leathan mór-thograí agus mion-thograí ar fud an oileáin freisin, ar a n-áirítear scéim tacaíochta do phobail áitiúla. Ina theannta sin, tá an Foras i mbun Thionscadal an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge agus tá láithreán gréasáin bunaithe aige, www.gaeilge.ie, atá mar fhoinse eolais don saol mór maidir leis an teanga.

Tuigim ón bhForas go bhfuil páirtnéireachtaí fhiúntacha cruthaithe le dreamanna ar nós na n-údarás áitiúla, eagrais sna réimsí craolacháin agus eagrais sa saol gnó. Molaim é sin agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh comhpháirtíochta idir an Foras agus eagrais ábhartha eile amach anseo ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Foras na Gaeilge ó bunaíodh é, in ainneoin deacrachtaí agus srianta a d'fhás as an gcur chuige 'cúram agus cothabhála' a bhí i bhfeidhm fad is a bhí an Comhthionól ó Thuaidh ar fionraí. Tá mé cinnte go mbeidh dul chun cinn breise fós le baint amach sna blianta amach romhainn agus tá mé ag tnúth le bheith ag obair i gcomhpháirt le mo chomhghleacaí, Edwin Poots, MLA, agus leis an bhForas féin chun na críche sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.