Written answers

Wednesday, 5 December 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Clár Dílárú

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 93: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le dílárú bhaill Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32548/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a thug mé le fios mar fhreagra ar Cheisteanna sa Teach seo cheana, d'iarr mé ar Bhord Fhoras na Gaeilge moltaí sonracha a dhéanamh maidir leis na céimeanna a bheadh riachtanach chun poist a lonnú i nGaoth Dobhair, chomh maith leis na rannóga agus na feidhmeanna a bheadh i gceist. Ina dhiaidh sin, tíolacadh aighneacht do mo Roinn féin agus don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart maidir le postanna a líonadh i réimsí éagsúla san eagraíocht. Leasaíodh an aighneacht — ina bhfuil poist ar leith luaite le Gaoth Dobhair — mar thoradh ar chomhráití idir an Foras agus an dá Roinn urraíochta.

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (Formáid Teanga), a tionóladh in Iúr Cinn Trá ar 26 Deireadh Fómhair 2007, aontaíodh go mbunófaí grúpa oibre ar a mbeadh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó na Ranna urraíochta chun scrúdú a dhéanamh ar an aighneacht ina hiomláine, na poist atá le lonnú i nGaoth Dobhair san áireamh, agus go háirithe chun cáinníochtú a dhéanamh ar na himpleachtaí airgeadais don bhliain 2008 agus sa todhchaí.

Tugadh treoir don ghrúpa oibre na heochair-phostanna san aighneacht — postanna le haghaidh Ghaoth Dobhair san áireamh — a aithint mar ábhar práinne agus cead a lorg ó na Ranna Airgeadais thuaidh agus theas chun an méid a d'fhéadfaí de na poist sin a líonadh gan an buiséad reatha a shárú. Tá an próiseas sin á chur chun cinn i láthair na huaire. Mar chuid den scrúdú, aithníodh cúig phost a d'fhéadfaí a líonadh mar chéad chéim den dílárú go Gaoth Dobhair. Tá súil agam go mbeifear in ann na poist sin a cheadú go luath agus go líonfar iad i 2008.

Ní miste a lua freisin go bhfuil comhráití ar bun ag mo Roinn féin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cóiríocht oifige i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair a d'fhéadfadh a bheith fóirsteanach do riachtanais an Fhorais chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.