Written answers
Wednesday, 5 December 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 80: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an nglacann sé leis na leasuithe reachtúla ar an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 atá molta sa Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32617/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar atá a fhios ag an Teachta, foilsíodh an Tuarascáil ar an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le déanaí. Tá cinneadh glactha ag an Rialtas coiste a bhunú ag leibhéal comh-aireachta chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil — an ceann a luann an Teachta ina measc. Chomh maith leis sin, tiocfaidh an coiste ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite, laistigh de dhá mhí dhéag, chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 81: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tacaíocht nua ar leith atá beartaithe aige a chur ann in 2008 don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32620/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is eol don Teachta, ní foláir, gur fhoilsigh an Rialtas an Tuarascáil a bhaineann leis an Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le déanaí. Tá socraithe ag an Rialtas go mbunófar coiste ag leibhéal comh-aireachta chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil. Chomh maith leis sin, tiocfaidh an coiste ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite, laistigh de dhá mhí dhéag, chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
No comments