Written answers
Tuesday, 27 November 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Gréasán Bóithre
8:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 413: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an méid airgid a ceadaíodh faoi Scéim na mBóithre Áise do Ghaeltacht Dhún na nGall sa bhliain 2007; cad iad na bóithre ar ceadaíodh na deontais ina leith agus cad é méid an deontais i ngach cás. [30820/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ceadaíodh €37,000 faoi Scéim na mBóithre Áise mo Roinne i nGaeltacht Dhún na nGall i 2007, anuas ar an tsuim iomlán de €365,719 a ceadaíodh chun na críche sin i 2006. Chomh maith leis sin, faoi Chlár Mhionoibreacha na nOileán, ceadaíodh deontas de €260,995 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2007 chun bóithre áise agus bóithre eile ar Árainn Mhór agus Thoraigh a fheabhsú.
Tá sonraí maidir leis na bóithre áise i nGaeltacht Dhún na nGall a ceadaíodh deontais ina leith i 2007 sa tábla leis seo.
Ceadúcháin Bóithre Áise/Oileáin i nGaeltacht Dhún na nGall i 2007 | |
Sonraí | Deontas |
€ | |
Scéim na mBóithre Áise | |
Bóthar áise, Leac Aonach, Ailt an Chorráin | 37,000 |
Clár Mionoibreacha na nOileán | |
Bóthar áise, Scraig an tSeabhaic, Árainn Mhór | 8,280 |
Bóthar áise, Fál an Ghabhann Íochtarach, Árainn Mhór | 11,360 |
Bóthar áise, Plochóg, Árainn Mhór | 15,975 |
Bóthar áise, Na Clocha Corra, Árainn Mhór | 8,100 |
Bóthar áise, Na Clocha Corra, Árainn Mhór | 7,280 |
An Cuar Bhóthar agus bóthar an dochtúra, Árainn Mhór | 10,000 |
Bóthar Fál an Ghabhann/Bhaile na Trá, Árainn Mhór | 70,000* |
Bóthar ag na Goirt Ghearra, Árainn Mhór | 30,000* |
Bóthar Bhaile Thoir/Bhaile Thiar, Toraigh | 70,000* |
Bóthar go dtí an Ionad Pobail, Toraigh | 30,000 |
Iomlán | 297,995 |
* Suim chomhionann curtha ar fáil ag Comhairle Chontae Dhún na nGall |
No comments