Written answers

Tuesday, 20 November 2007

Department of Education and Science

Cursaí Gaelscoileanna

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 403: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén bunús staitistiúil nó tuarascála a bhí leis an gcinneadh a ghlac sí ciorclán a eisiúint chuig Gaelscoileanna lena ndearnadh an luath-thumoideachas sa Ghaeilge mídhleathach. [29268/07]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 404: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sí impleachtaí an chinnidh a ghlac sí ciorclán a eisiúint chuig Gaelscoileanna lena ndearnadh an luath-thumoideachas sa Ghaeilge mídhleathach. [29269/07]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 405: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sí nach léir ó staidéar ar thorthaí na mac léinn a chuaigh faoin luath-thumoideachas go raibh aon drochthionchar acadúil ná eile orthu dá bharr agus an ndéanfaidh sí an cinneadh a ghlac sí sa chiorclán chuig Gaelscoileanna lena ndearnadh an luath-tumoideachas as Gaeilge mídleathach a aistarraingt ionas go ndéanfar staidéar níos leithne chun an dea-thionchar nó an drochthionchar a mheas i gceart. [29270/07]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá se i gceist agam ceisteanna 403, 404 agus 405 a fhreagairt le chéile.

Ar dtús, ba mhaith liom a shoiléiriú nach ndearnadh an tumoideachas sa Ghaeilge mídhleathach. Cuireann mo Roinnse raon tacaíochtaí ar fáil chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus chun teagasc agus cumarsáid trí mheán na Gaeilge a spreagadh. Urramaítear go hiomlán ceart tuismitheoirí agus páistí oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú ach ní sháraíonn sé seo an riachtanas atá ar scoileanna gach aon ghné den churaclam náisiúnta a chur i bhfeidhm.

Is í an tsaincheist sa chás seo ná an riachtanas go gcuirfeadh scoileanna i bhfeidhm an t-íosmhéid ama teagaisc atá sonraithe sa churaclam don Bhéarla, agus go ndéanfaidís amhlaidh tráth nach déanaí ná tosach an dara téarma i ranganna na naíonán sóisearach. Sa Réamhrá don Churaclam (lch. 27) deirtear "Is gné faoi leith den bhunoideachas in Éirinn é go mbíonn taithí ag páistí, ó thús na scolaíochta, ar fhoghlaim teanga trí mheán dhá theanga." Sonraíonn an curaclam chomh maith tacar de chuspóirí foghlama do gach aon réimse den churaclam do 4 grúpálacha — ranganna na naíonán, an chéad agus an dara rang, an tríú agus an ceathrú rang, agus an cúigiú agus an séú rang. Tá baint amach cuspóirí an churaclaim i ngach réimse den churaclam ag gach aon cheann de cheithre leibhéal na bunscolaíochta ina riachtanas sáraitheach ar gach aon scoil. Tá sé socraithe agam dá bhrí sin, mar cheist pholasaí poiblí, nár chóir tosú ar an íosmhéid de 2.5 uaire in aghaidh na seachtaine don Bhéarla mar Theanga a 2 i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc níos déanaí ná tosach an dara téarma sna naíonáin shóisearacha.

Tá an cheist seo pléite ina hiomláine agam le heagraíochtaí Gaeilge agus le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí sular eisíodh an Ciorclán ar an ábhar chuig scoileanna. Bheadh tuilleadh taighde sa gcomhthéacs Éireannach ina chúis le moill mhór, agus is é is dóichí go mbeadh sé gan chonclúid os rud é go bhfuil an oiread sin athróga ag dul i gcion ar an gceist seo.

Tuigim go rímhaith impleachtaí an chiorcláin a eisíodh. Deir an Réamhrá don Churaclam (lch. 43) "Ar bhonn na síceolaíochta, na staire agus na teangeolaíochta, tá sé de cheart ag gach páiste Éireannach taithí a fháil ar an dá theanga." Baineann an cheist bhunúsach pholasaí poiblí sa chás seo le seasamh le cearta rochtana an uile pháiste ar an gcuraclam iomlán ón staid is luaithe is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.