Written answers

Tuesday, 13 November 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 295: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na comhlachtaí agus na fiontair a bhfuil tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta acu i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall ó Ghleann Cholm Cille go Cill Chartha; cad é an líon daoine atá fostaithe i ngach ceann acu agus cad iad na spriocanna fostaíochta don cheantar sin sa bhliain amach romhainn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28555/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 382 ar 16 Deireadh Fómhair 2007. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta agus forbartha a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, ceantar iardheisceart Dhún na nGall ina measc.

Tuigim ón Údarás go bhfuil thart ar 94 cliant aige faoi láthair i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall, is é sin, comhlachtaí agus gnóthais eile atá i bhfeidhm sa cheantar a fuair tacaíocht ón Údarás nó a bhfuil tacaíocht ceadaithe dóibh. Ag deireadh na bliana 2006 bhí 389 fostaithe go lánaimseartha agus 115 fostaithe go séasúrach nó go páirtaimseartha i 78 tionscadail a fuair cúnamh on Údarás. Bhí raon fostaíochta ó dhuine amháin go breis is 100 post i gceist sna tionscadail éagsúla. Tá iarrtha agam ar an Údarás briseadh síos ar na figiúirí do 2006 a sheoladh díreach chuig an Teachta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 296: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na comhlachtaí agus na fiontair a bhfuil tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta acu atá ag gníomhú i gceantar Chloich Cheann Fhaola faoi láthair, cad é an líon daoine atá fostaithe i ngach ceann acu agus cad iad na spriocanna fostaíochta don cheantar sin sa bhliain amach romhainn. [28556/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 41 ar 24 Aibreán 2007 agus ar Cheist Dála Uimh 7 ar 1 Samhain 2007.

Tuigim ón Údaras go bhfuil thart ar 109 cliant aige faoi láthair i gceantar Chloich Cheann Fhaola, is é sin, comhlachtaí agus gnóthais eile atá i bhfeidhm sa cheantar, a fuair tacaíocht ón Údarás nó a bhfuil tacaíocht ceadaithe dóibh. Ag deireadh na bliana 2006 bhí 132 fostaithe go lánaimseartha agus 145 fostaithe go séasúrach nó go páirtaimseartha in 82 tionscadail a fuair cúnamh on Údarás. Bhí raon fostaíochta ó dhuine amháin go breis is 44 post idir lánaimseartha agus páirtaimseartha i gceist sna tionscadail éagsúla. Tá iarrtha agam ar an Údarás briseadh síos ar na figiúirí do 2006 a sheoladh díreach chuig an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.